Leadóg

Article in other languages:

Cúirt leadóige

Spórt a imirt idir beirt nó dhá foireann le raicéaid is ea Leadóg. Buaileann imreoirí liathróidí cuasach thar líon. Is spórt Oilimpeach é. Imrítear leadóg ar cheithre dhromchla difriúl - crua, cré, féar agus cairpéad.

Bíonn ceithre phríomh-chomórtas leadóige, (comórtais Grand Slam) ar siúl gach bliain - an Australian Open san Astráil (cúirteanna crua), an Tournoi de Roland-Garros sa Fhrainc (cúirteanna cré), The Championships, Wimbledon i Londain, Sasana (cúirteanna féir), agus an US Open i Meiriceá (cúirteanna crua).

Comórtas Wimbledon

Tá cáil mhór ar an gcomórtas leadóige a imrítear ar chúirt Wimbledon chuile Shamhradh. Téann na h-imreoirí móra cáiliúla ar fad go Sasana le páirt a ghlacadh sa gcomórtas seo agus is éacht ann féin é an chraobh a thabhairt leat i Wimbledon. Is iomaí imreoir clúiteach a cuireadh dá gcos sa gcomórtas agus is minic go mbíonn sé fíor dheacair breithiúnas a thabhairt ar an mbuaiteoir. Téann maithe agus móruaisle chuig na comórtais. Caitear na milliúin ar chúltaca galánta, hataí péacógacha agus spéaclaí gréine. Itear near sú talún agus uachtar. Má theastaíonn uait freastal ar an ócáid mhór seo ní mhór duit do dheis a thapú go luath agus ticéad a chur in áirithe, ach glac leis go mbeidh lán ladhair le hioc agat ar an ticéad. Craoltar an ócáid ar TG4 agus BBC chuile bhliain.

Questions for article:

This article is from Wikipedia. All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License.


IHS Europe: Infrared Heating Systems for Home and Business.