Cogadh Cathartha na Rúise

Article on other languages:

del.icio.us del.icio.us
Digg Digg
Furl Furl
Reddit Reddit
Rojo Rojo
Add to OnlyWire
An tArm Dearg i gKazan, príomhchathair na Tatarstáine, i rith an chogaidh.

Cogadh a troideadh in Impireacht na Rúise ab ea é Cogadh Cathartha na Rúise, a mhair ón mbliain 1917 go dtí 1922. Thosaigh sé go gairid i ndiaidh do rialtas sealadach na Rúise titim agus na Boilséivigh an chumhacht a shealbhú i Réabhlóid Dheireadh Fómhair. Chuaigh na cúrsaí chun donais nuair a rinne Léinín lánscor ar Chomhthionól Bunreachta na Rúise agus, go háirithe, nuair a shínigh sé Conradh Síochána Brest-Litovsk i Mí Márta 1918, nó d'fhág an Conradh sin cuid mhór d'Iarthar na Rúise ag na Gearmánaigh. B'iad an dá thaobh sa chogadh ná na Dearga - is é sin, na Boilséivigh - agus na Bána, is é sin, iad siúd nach raibh sásta an chumhacht a fhágáil acu. Thairis sin, áfach, bhí go leor "tiarnaí cogaidh" áitiúla ann a bhí ag cur a gcatha féin, agus nach furasta a aicmiú mar "bhána" ná mar "dhearga". Ar ndóigh, d'fhéach stáit eile a ladar a chur sa chogadh freisin nó a mbuntáiste féin a ghlacadh ar laige na Rúise. Tar éis cheithre bliana cogaidh, b'iad na Boilséivigh a ghnóthaigh an báire, agus bhunaigh siad stát Cumannach, an tAontas Sóivéadach, sa bhliain 1922. Sna blianta 1918-1920 ba mhó a bhí an troid á cur.

Achoimre

Tar éis Réabhlóid na Feabhra sa bhliain 1917 agus bás Nioclás II, bunaíodh Rialtas Sealadach sóisialach. I Mí Meán Fómhair, bhris Réabhlóid Dheireadh Fómhair amach. Ghabh na Boilséivigh Cathair Pheadair agus thosaigh siad ag tógáil bailte timpeall na tíre ar fad. I Mí Eanáir 1918, rinne Léinín lánscoir ar an gcomhdháíl, agus forógraíodh na Boilséivigh mar rialtas nua na Rúise.

Ar dtús báire thosaigh na Boilséivigh ag iarraidh síochán a dhéanamh le tarraingt amach as an gCéad Chogadh Domhanda, mar a bhí geallta acu do muintir na Rúise roimh ré. Deirtear go bhfuil ceangail idir an géilleadh agus an tslí inár tháinig Léinín i dtír, le cabhair agus tacaíocht óna Gearmámaigh a bhí ag tnúth le Réabhlóid sa Rúis le deireadh a chuir leis an bhfronta thoir.

Fograíodh sos comhraic láithreach agus thosaigh an idirbheartaíocht síochána. Ceann de na riachtanais a bhí sa chonradh ná go bhfaighfeadh na gCumhachtaí Lárnacha a lán talún ón Ruis, agus chuir an rud seo go mór isteach ar náisiúnaigh na Rúise. Dhiúltaigh Leon Trotscaí fiú, ionadaí na Boilséivigh, ar dtús.

Thosaigh na Gearmánaigh ag bogadh isteach sa Rúis, ní raibh arm na Rúise ann ar chor ar bith le frithbheartaíocht a thabhairt dóibh. Sa deireadh bhí ar na Boilséivigh an conradh a shíniú go tapaidh bhí fadhbanna ag forbairt sa tír é féin, bhí na frithréabhlóide dainséireach don rialtas cumannach. Rinne siad daingniú ar an gConradh Brest-Litovsk, ar an 6 Márta, 1918.

I ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair, bhí dhíshlógadh déanta ar sean airm na Rúise agus bunaíodh airm Óglach na Gardaí Dearg eite míleata na Boilséivigh. Bhí Trotscaí i gceannas orthu agus cruthaigh sé forsa níos gairmiúlí a bhunú, trí coinscríobh a thabhairt isteach.

Bhí cosc ar aon eagraíocht phoilitiúil nach raibh ceangailte leis na Boilséivigh, fiú eagraíocht sóisialach, toisc nach raibh na Boilséivigh in ann tromlach a bheith acu in aon rialtais tofa trí daonlathas lasmuigh de Cathair Pheadair agus Moscó.

Cé gur thosaigh frithbeartaíocht díreach i ndiadh an coup, bhí an Conradh Brest-Litovsk agus an cosc poilitiúil mar catalaíoch le grupaí frith-Boilséivigh a bhúnú, agus á bhrú le gníomhaíocht i gcoinne an rialtas a thosnú.

Cruthaíodh cónaidhmeach frith-Boilséivigh le troid i gcoinne an rialtas, ina measc bhí poblachtánaigh, caomhantóirí , daoine frithghníomhach, daoine a bhí i bhfábhar an monarcaí, liobrálaigh , sóisialaigh nach raibh mar Boilséivigh, daoine i bhfábhar daonlathas agus leásaithe. Glaodh an gluaiseacht na an Airm Bán orthu.

Freisin bhí grúpa ón Úcráine darbh ainm an Airm Glas agus glaodh an Airm Dubh ar an airm a bhí faoi na ainrialaigh, throid siad in aigheadh an dá thaoibh agus fiú a chéile i rith an cogadh.

Bhí na comhgháillí brónach nach raibh an fronta thoir gníomhach a thuile agus bhí siad burtha freisin faoi na Boilséivigh agus an Cumanachas. De Bharr seo chuir siad alán airm, tacaíocht agus fiú saighdiúirí don gluaiseacht Báin.

Chríochnaigh chuid mhaith den cogadh faoi 1920 le bua ar an Ginearail Pyotr Wrangel sa Crimea, ach lean beagán frithbheataíocht i gcúpla aiteanna go dtí an bhliain 1922.

An Cogadh é féin

Póstaer bolscaireachta ón Airm Bán ag léiriú Trotscaí mar "Diabhal Dearg". An téacs atá ann ná "Síochán agus Saoirse i Sovdepiya".

Bhí an cogadh ar siúil ar trí fronta, ar an taobh oirthearach, sa deisceart agus tuaisiartharach. Freisin bhí trí tréimhse den chogaidh.

Lean an chéad tréimhse ón réabhlóid go dtí gheill siad do na ghearmánaigh. I rith, i Mí Deireadh Fómhair 1917 d'fhógair an rialtas go mbeidh talamh traidisiúnta mar talamh an Stáit. Thósaigh seo Éirí Amach sa réigiún ina raibh an Ginearál Kaledin i gceannas. De dheasca siniú Conradh Brest-Litovsk, thosaigh na Comhghuaillí ag tabhairt airm do forsaí míleata na frith-Boilséivigh.

Bhí chuid mhaith den troid é féin den chéad tréimhse seo treallach, ní raibh ach grupaí beaga ag troid go neamhspleach. i measc na forsaí sa cogadh seo bhí na Seic-Slóvaicigh, nó an Léigiún Seicslóvacach nó na Seicslóvacach báin.(Белочехи, Byelochekhi), Pólaigh agus ar taobh na Boilséivigh bhí na fír raidhfilí Dearg as An Laitvia (Красные латышские стрелки, Krasnye Latyshskiye strelki).

Bhí iontas ar Lenin nuair a bhris an cogadh cathartha amach ar dtús, agus níor thug se mheas faoin cumas forsaí ina aigheadh.

Ba é an dara tréimhse an tréimhse is tabhachtaí mháir sé ó Mí Eanáir go Mí na Samhna 1919. Ar dtús báire bhí bua ag Airm na Báin ag teach ó dheas (faoi Denikin), ó thoir (faoi Kolchak) ón iarthuaisceart (faoi Yudenich), ag brú an Airm Dearg siar ar gach fronta. Ach arís rinne Leon Trotscaí athbhéocháin ar a airm agus thosaigh sé ag chuir forsaí Kolchak siar (i mí Meitheamh) agus ansin forsaí Denikin agus Yudenich (i mí Deireadh Fómhair). Bhriseadh cumhacht an troid i ngach airm na báin ag an am céanna i lár mí na samhna.

Ba é an léigear fada, a rinneadh ar na forsaí Bána sa Crimea, an tréimhse deireanach den chogadh. Bhailigh Ginearail Wrangel na saighdiúirí go léir a bhí fagtha agus dhaingnigh siad iad féin sa Crimea. D'fhán siad ansin go dtí gur fill an Airm Dearg ón pholainn tar eis an cogadh Pholainn-Sóivéadach. nuair a d'fhill forsa iomláin an Airm Dearg, cloígheach an Airm Bán, agus aslonnaigh na saighdiúirí a bhí fágtha go dtí Cathair Chonstaintín i mí na Samhna 1920.

De gnáth críochnaíonn stair an cogadh ag an bua seo ar saighdiúirí Wrangel, lean frithbheartaíocht míleata suas go dtí aslonnadh saighdiúirí Ginearail Diterikhs i Vladivostok i mí Deireadh Fómhair 1922. Tar eis an eachtra seo, d'fhógair An tAontas Sóivéadach go raibh é féin mar stáit. Ó sin ar aigheadh ní raibh aon frithbheartaíocht míleata ar scála mór in aigheadh an rialtas go Gluaiseacht Saoiese na Rúise i rith An Dara Cogadh Domhanda.

This article is from Wikipedia. All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License.


Giant Panda

Mercedes Car
James Bond Guide
This site monitored by SitePinger.net