|
Is stát de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá é California, (nó Cailifornia mar a litrítear é as Gaeilge uaireanta). Tá sé suite in iarthar na tíre ar chósta an Aigéin Ciúin. Is é an stát is mó sa tír ó thaobh daonra agus an tríú stát is mó de réir achair. Is é "an Stát Órga" leasainm oifigiúil an stáit. D´fhéadfadh sé go mbaineann sé seo leis an ór a thángthas air sa stát in 1848 (agus a chuir tús le Fuadar Óir Chalifornia) nó mar go bhfuil dath an óir, nach mór, ar go leor de thalamh an stáit sa samhradh. Úsáidtear an giorrúchán CA don phost, agus baineann an Associated Press feidhm as Calif. Tá daonra dlúth i ndeisceart Chalifornia, ach tá dlús daonra níos lú i dtuaisceart Chalifornia, atá níos mó ná é. Maireann formhór an daonra laistigh de 50 míle (80 km) ón Aigéan Ciúin. Ainm an StáitCreidtear go dtagann ainm an stáit as Las sergas de Espladián (Éachtraí Spladian), úrscéal ón 16ú haois le Garci Rodríguez de Montalvo, ina raibh oileán ann darbh ainm Califia a bhí ar nós Parthas. D'fhéadfadh sé go gciallaíonn an focal "chomh te le hoigheann" (cali > te, fornia > oigheann). TíreolaíochtTá raidhse mhór tíreolaíochta i gCalifornia ón gcósta san iarthar go dtí sliabhraon an Sierra Nevada san oirthear go dtí Gleann an Bháis sa deisceart - ceann de na háiteanna is teo ar domhain. Luíonn an Gleann Láir idir an t-aigéan agus na sléibhte agus is é seo an príomhshuíomh talmhaíochta sa stát.
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
This article is from Wikipedia. All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License.
Mercedes Car
This site monitored by SitePinger.net