|
Article in other languages:
|
Is tír í Ríocht na Spáinne (Spáinnis agus Gailísis: Reino de España; Catalóinis: Regne d'Espanya; Bascais: Espainiako Erresuma) atá suite in iardheisceart na hEorpa ar leithinis na hIbéire. Tá críocha aici freisin sa Mheánmhuir - na hOileáin Bhailéaracha - is san Aigéan Atlantach - na hOileáin Chanáracha - agus bailte Ceuta is Melilla i dtuaisceart na hAfraice. Is ball den Aontas Eorpach í. TíreolasLe 194,884 mi² (504,782 km²), is í an Spáinn an 51ú tír is mó ar domhan. San iarthar tá teorainn aici leis an bPóirtaingéil, ó dheas tá Giobráltar (réigiún de chuid na Ríochta Aontaithe) agus Maracó, (de bharr na cathracha i dtuaistceart na hAifric; Ceuta agus Melilla). San oirthuaisceart, in aice le sliabhraon na bPiréiní, tá teorainn aici leis an bhFrainc agus Andorra. Tá na hOileáin Bhailéaracha sa Mheánmhuir, agus Na hOileáin Chanáracha san Aigéain Atlantach sa Spáinn chomh maith. Sa Chatalóin tá baile beag timpeallaithe ag an bhFrainc, Llívia. Tá lár na Spáinne lán le sliabhraonta agus talamh ard, leithéid as an Sierra Nevada. Sna hairde seo éiríonn na haibhneacha móra an Tagus, an Ebro, an Duero, an Guadiana agus an Guadalquivir. Tá machairí glárach ar fud an chósta, is í an Guadalquivir in Andalucía an ceann is mó sa tír. Réigiúin na SpáinneIs í Maidrid príomhchathair na tíre. Tá sí lonnaithe i gceartlár na leithinse. Is í Barcelona an dara chathair is mó sa tír agus príomhchathair na Catalóine. Tá an tír roinnte i 17 réigiún faoi bhunreacht 1978.
Tá dhá chathair fhéinrialaithe ann freisin, Ceuta agus Melilla, i dtuaisceart na hAfraice. Stair na Spáinne
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Questions for article: |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
This article is from Wikipedia. All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License.
IHS Europe: Infrared Heating Systems for Home and Business.