|
Néal muisiriúnach an bhuama adamhaigh os cionn Nagasaki. Chaith na Meiriceánaigh dhá bhuama adamhacha ar an tSeapáin i ndeireadh an chogaidh, an dara ceann acu ar Nagasaki ar an 9 Lúnasa, 1945. Íorónta go leor, ba é Nagasaki an áit ba bháúla leis an Iarthar ar fud na Seapáine, ós rud é go raibh go leor Seapánaigh Chríostaí ag lorg tearmainn ansin.
Ba é an Dara Cogadh Domhanda an cogadh ba mhó a cuireadh i rith na fíchiú haoise, agus é le haithint ar fud an domhain. Thosaigh an cogadh ar an 1 Meán Fómhair sa bhliain 1939, ach is féidir a rá go raibh coimhlint bhainteach ar siúl san Áise ón 7 Iúil sa bhliain 1937, nó b'ansin a d'ionsaigh an tSeapáin an tSín an dara huair i rith na haoise. Nuair a tharraing ionsaí na Seapánach ar Pearl Harbour na Meiriceánaigh isteach i gcogadh an Aigéin Chiúin, bhí cogadh na Síne is na Seapáine á fhearadh ar aghaidh mar chuid den Dara Cogadh Domhanda. An chuid is mó de na tíortha a bhí sáite sa Chéad Chogadh Domhanda, ghlac siad páirt sa dara cogadh freisin, agus bhí cathanna á gcur i ngach aon mhór-roinn ina bhfuil cónaí ar dhaoine daonna. Tríd is tríd, ba é an Dara Cogadh Domhanda an cogadh ab fhairsinge agus ba chostasúla i stair an chine dhaonna. Is gnáth na cogaithe a roinnt ina dhá mbloc, mar atá, na Comhghuaillithe agus an Fhearsaid. Bhí cuid mhór tíortha beaga ag cur cogaidh freisin, agus iad ag comhoibriú le ceann den dá bhloc, ar chúiseanna praiticiúla níos mó ná ar chúiseanna idé-eolaíochta nó báúlachta. Ar dtús, ba í an Ríocht Aontaithe an chumhacht ba tábhachtaí de na Comhghuaillithe, agus an Pholainn is an Fhrainc ar an chéad dá chomhghuaillí a bhí aici. Sa deireadh thiar thall, áfach, chuaigh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Sóivéadach chun cogaidh ar thaobh na gComhghuaillithe. Ar thaobh na Fearsaide, arís, ba iad an Ghearmáin, an Iodáil, agus an tSeapáin na príomhthíortha.
Cnámha an ScéilAr an 1 Meán Fómhair 1939, d'ionsaigh an Ghearmáin, a bhí á rialú ag Adolf Hitler agus ag an bPáirtí Naitsíoch ag an am, - d'ionsaigh an Ghearmáin an Pholainn. Bhí an Ghearmáin agus an tAontas Sóivéadach tar éis conradh rúnda a shíniú faoi chríochdheighilt na Polainne. Ar an 17 Meán Fómhair, chuaigh na Sóivéadaigh chun cogaidh i gcoinne na Polainne chomh maith. Ar an 3 Meán Fómhair ag 11.15 a'chlog de réir Mheán-am Greenwich, d'fhógair an Ríocht Aontaithe, an Astráil agus an Nua-Shéalainn cogadh in aghaidh na Gearmáine, rud a rinne an Fhrainc sé uaire an chloig ina dhiaidh sin.
Thit Beirlín leis an Arm Dearg ar an 2 Bealtaine sa bhliain 1945. Sa ghrianghraf seo, tá na saighdiúirí Sóivéadacha ag cur a mbrataigh ar an gcrann os cionn an Reichstag, agus casúr agus corrán an Chumannachais le feiceáil air.
An EoraipAn Áise agus an tAigéan CiúinI nDiaidh an ChogaidhCúiseanna an ChogaidhImeachtaí an ChogaidhAn Cogadh ag Tosú: 1939An Cogadh ag Dul i bhFairsinge: 1940An Cogadh ag Dul chun Domhandais: 1941An Leamhsháinn: 1942An Taoide á Casadh: 1943Ag Druidim chun Deiridh: 1944An Deireadh: 1945Na hÍobartaigh, na Sibhialaigh, agus na Gníomhartha UafáisAn Fhrithsheasmhacht agus an ComhoibriúAn Saol sa BhaileAn TeicneolaíochtCuma an Domhain i nDiaidh an Chogaidh
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
|
This article is from Wikipedia. All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License.
Mercedes Car
This site monitored by SitePinger.net